This website uses cookies to ensure the best possible experience for you, the visitor. Find out more about cookies and how they relate to this website.

I UNDERSTAND
A parent to parent voluntary support charity

Tacaíocht um Bheathú Cíche

Tar éis na breithe, is cinneadh tábhachtach é cén modh cothaithe a roghnaíonn tú do do leanbh. Mar thoradh nádúrtha den bhreith, beidh do chorp ábalta bainne a tháirgeadh. Leanann an nasc ar leith a bhí ann idir an mháthair agus an leanbh roimh an bhreith tríd an phróiseas um bheathú cíche. Cé gur próiseas nádúrtha é seo, uaireanta tógann sé tréimhse bheag chun an mháthair agus an leanbh a dul i dtaithí ar a chéile agus eolas a fháil ar riachtanais a chéile. Bíonn aithne ar na seachtainí tosaigh seo go minic mar “céim fhoghlama”. Is fiú é a bheith foighneach chun taithí a fháil ar bheathú cíche – mar a dhéanaimid le haon phróiseas nua.

Braitheann an chuid is mó de mháithreacha gurb eispéireas dearfach sásúil é beathú cíche, nuair a chuirtear ar a suaimhneas iad agus nuair a fhaigheann siad tacaíocht agus eolas soiléir. Ag tabhairt aird ar seo, tá eolas bailithe ag Cuidiú ó chuid mhór máithreacha bheathú cíche le cabhair a thabhairt duit i rith na seachtainí tosaigh den bheathú cíche. Tagraíonn an t-eolas faoi bheathú cíche ar an láithreángréasáin seo do naíonáin lánaibí sláintiúil.comhairle liachta nó ionadach do chomhairle liachta é seo agus ba chóir duit dul i gcomhairle le doliachleachtóirí maidir le d'imthosca féin.

Is í an aidhm atá ag na ranganna réamhbhreithe a eagraíonn Cuidiú ná muinín a thabhairt duit agus do do pháirtí breithe as do chumas páiste a bhreith duit agus a bheith ábalta cinntí eolacha a dhéanamh faoi rudaí cosúil le beathú do linbh. Sna ranganna seo, bíonn seans agat labhairt faoi aon imní a bheadh agat, i dtimpeallacht chompordach fháilteach nó ceisteanna a chur ar dhaoine agus freagraí a fháil ó dhaoine eile atá ag ullmhú don bhreith freisin. Bíonn na cúrsaí réchúiseach agus neamhfhoirmeálta. Bíonn na grúpaí beag, nach mó ná cúigear lánúineacha. Bíonn seans ag mná ag na ranganna seo buaileadh le comhairleoir um bheathú cíche ó Cuidiú, a mhúineann na bunscileanna um bheathú cíche agus a tugann comhairle duit conas fadhbanna a sheachaint. Go minic bíonn sé níos éasca glaoigh ar chomhairleoir ar bhuail tú léi roimhe, má tá ceist agat nó má tá tú ag iarraidh tacaíochta. Cinnte, bíonn fáilte romhatfreastal ar ghrúpa tacaíochta Cuidiú um bheathú cíche roimh bhreith do linbh.

Deireann máithreacha go minic gur toisc mhór í tacaíocht iarbhreithe chun misneach a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh le beathú cíche. Is toisc dhearfach i dtacaíocht iarbhreithe iad an spreagadh agus an seans chun buaileadh le máithreacha bheathú cíche eile i láthair sóisialta – is í seo aidhm na ngrúpaí tacaíochta um bheathú cíche. Oibríonn comhairleoirí oilte i comheagar leis na grúpaí tacaíochta seo chun timpeallacht a chur ar fáil inar féidir ceisteanna a fhreagairt i láthair neamhfhoirmiúil dearfach. Is é bunchuspóir Cuidiú ná 'eolas, oideachas agus tacaíocht' don tuismíocht, agus cuireann Cuidiú timpeallacht tacaíochta i láthair chun tuiscint agus roinnt eispéiris a chur ar fáil dóibh. Cuireann sé i gcuimhne do thuismitheoirí chomh maith go bhfuil sé tábhachtach muinín a bheith acu as a n-instinn féin agus go gcaithfidh siad smaoineamh ar a riachtanais féin freisin. Tá an cumas ag 98% de mhná beathú cíche a dhéanamh agus leis an tacaíocht cheart, bíonn níos mó mná a thosaíonn le beathú cíche ábalta leanúint ar aghaidh chomh fada agus is mian leo.

Tá tacaíocht ar fáil sa phobal ó fhoinsí éagsúla: Altraí Sláinte Poiblí,Dochtúirí Ginearálta, altraí cleachtaidh agus Comhairligh Lachta; Comhairleoirí deonacha um Bheathú Cíche ó Cuidiú nó Ceannairí La Leche League. Tá eolas ar na heagraíochtaí seo ar fad agus litríocht úsáideach faoi bheathú cíche ar fáil ar an láithreán gréasáin um bheatha cíche atá ag an HSE - www.breastfeeding.ie.

Rinneadh athbhreithniúchán ar an leathanach seo i Meitheamh 2009

Translated from Cuidiú's Breastfeeding Support pages of this website by the Commercial Translation Centre.